1. |
||||
Hups, a Sheáin, a bhráthair
Fuair do mháthairín bás
Ó, ní bhfuair, ní bhfuair
Do chuaigh sí suas an tsráid
Hups, a Sheáin, a bhráthair
Fuair do mháthairín bás
Ó, ní bhfuair in aon chor
Do chuaigh sí suas an tsráid
Cuc-a-neandí-neandí
Cuc-a-neandí-ó
Cuc-a-neandí-neandí
Cuc-a-neandí-ó
Cuc-a-neandí-neandí
Cuc-a-neandí-ó
Portín Sheáin an tSíoda
Is Rince Philib an Cheoil
He didn't dance 'n' dance
He didn't dance today
He didn't dance 'n' dance
Nor would he yesterday
He didn't dance 'n' dance
He didn't dance today
He didn't dance 'n' dance
Nor would he after tae.
Throw him up, up
Throw him up high
Throw him up, up
He'll come down by and by
Throw him up, up
Throw him up high
Throw him up to heaven
We'll see if he can fly
Throw him over, over
Throw him over seas
Throw him over, over
He'll come back again
Throw him over, over
Throw him over seas
Throw him over, over
He'll come back today
Piper sell your pipes
Buy your wife a gown
Piper sell your pipes
They'd surely fetch a pound
Piper sell your pipes
Buy your wife a gown
I wouldn't sell my pipes
For all the wives in town
Cuc-a-neandí-neandí
Cuc-a-neandí-ó
Cuc-a-neandí-neandí
Cuc-a-neandí-ó
Cuc-a-neandí-neandí
Cuc-a-neandí-ó
Portín Sheáin an tSíoda
Is Rince Philib an Cheoil
***
Poirtín Sheáin a’ tSíoda
As rince Philib a’ Cheoil
Déansa domhsa rince
Is seinnfidh mise an ceol
Curfá:
Ó sé bhean nach deas í
Ó sé bhean nach seoigh í
Ó sé bhean nach deas í
Rince Philib a’Cheoil
Poirtín Sheáin a’ tSíoda
As rince Philib a’ Cheoil
Sin mar bhí go dú seo
'S amhlaidh bhéas go deo
(Curfá)
Poirtín Sheáin a’ tSíoda
As rince Philib a’ Cheoil
Greas do choróin phíoba
Meidhreach agus go beo
(Curfá)
Poirtín Sheáin a’ tSíoda
As rince Philib a’ Cheoil
Aoibhinn linn an rince
An siamsa agus an ceol
(Curfá)
Poirtín Sheáin a’ tSíoda
As rince Philib a’ Cheoil
Déansa domhsa rince
Is seinnfidh mise an ceol
(Curfá)
|
||||
2. |
||||
3. |
||||
4. |
Dobbin's Flowery Vale
05:05
|
|||
One morning fair as Phoebus bright
Her radiant smiles displayed
When Flora in her verdant garb,
The fragrant fields she arrayed,
As I did rove throughout each grove,
No care did me assail
When a pair I spied by the riverside,
In Dobbin's Flowery Vale.
As I sat down them to behold,
Beneath a spreading tree,
The limpid streams that gently rolled
Conveyed these words to me;
Farewell sweet maid, the youth he said
For now I must set sail,
I'll bid adieu to Armagh, you,
And Dobbin's Flowery Vale
Forbear those thoughts and cruel words
That would wound a bleeding heart
For is it true that we're met here
Alas! so soon to part?
Take my advice and do not forsake
Or leave me to bewail,
But still remain with your fond dame,
In Dobbin's Flowery Vale.
Do not reflect that you're alone,
Nor yet am I untrue,
If e'er I chance now for to roam,
My thoughts will be on you;
There's not a flower in shady bower,
On verdant hill or dale,
But will remind me of the maid behind
In Dobbin's Flowery Vale.
It's mutual love together drew
Both with a kind embrace,
While tears like rosy drops of dew,
Did trickle down her face;
She strove in vain him to detain,
But while she did bewail,
He bade adieu, and I withdrew
From Dobbin's Flowery Vale
|
||||
5. |
||||
6. |
||||
7. |
An Spealadóir
03:05
|
|||
Um mheán an fhómhair dá chaitheamh dom
Ba tuirseach dubhach mo scéal
Go breoite, brónach, ceasnaithe
Gan áit insa' tsaol
Mo pháircín féir gan gearradh dom
De dheascaibh clainn an Bhreacluain
'Gus féar na gcomharsan treascartha
Á chíoradh le gréin
Dá bhfaighinnse speal ó Shasana
'Gus crann ó Locha Léin
Cloch is clár is gaineamh air
Ó dhúiche Uí Néill
Do chuirfinn faobhar ar maidin suas
A Sheasódh ar feadh na seachtaine
Is bearrtha 'bheadh an t-acra
Le fáinne an lae
Do smaoiníos féin im' aigne
Istoíche trím' néal
Go raibh beirt fhear óga chalma
Do mhaíomh a bhfaobhar
Féna ndéin do chuireas teachtaire
Chun mo pháircín féin do ghearradh dom
'S is grámhar, fáilteach freagarthach
Do thánadar araon
Dá bhfaighinnse speal ó Shasana
'Gus crann ó Locha Léin
Cloch is clár is gaineamh air
Ó dhúiche Uí Néill
Do chuirfinn faobhar ar maidin suas
'Sheasódh ar feadh na seachtaine
Is bearrtha 'bheadh an t-acra
Le fáinne an lae
Nuair a ghabhaid amach ar maidin dom
ag sábháilt an fhéir
a bpicí is a raca acu i lámh gach aon
is cuireadh agus scapead é
is cnosaid chun an eadraithe
is bíd na gcocai ceangailte le fainne an lae
Dá bhfaighinnse speal ó Shasana
'Gus crann ó Locha Léin
Cloch is clár is gaineamh air
Ó dhúiche Uí Néill
Do chuirfinn faobhar ar maidin suas
'Sheasódh ar feadh na seachtaine
Is bearrtha 'bheadh an t-acra
Le fáinne an lae
|
||||
8. |
||||
9. |
||||
10. |
Bríd Thomas Mhruchadha
04:45
|
|||
Is a Bhideach na gcarad, tuig feasta nach súgradh é,
Ó, thug mo chroí gean dhuit, ar a mhalairt ná diúltaigh mé,
Ó, shíl tú mé a mhealladh le bladar deas ciúin mo bhéal,
Is go dtug mo chroí gean duit seachas cailíní deasa an tsaoil.
A Bhríd Thomáis Mhurchadha, ó, molaimse an barr leat féin,
Ar ghile, ar fhinne, ar deise ‘gus áille a méin,
Do chúilín deas triopallach a bhí fite ina thrilseáin óir,
Is an té bheadh gan amharc go dtabharfadh sé soilse dhó.
Ó rachad go Gaillimh go gceannóidh mé gairdín úll,
Agus loingeas ar farraigí le haghaidh bheith a’ déanamh spóirt,
Ar fhilliúint abhaile dhom ‘s leide bheag a fháil don chóir,
Is ní choinóinne faoi bhealach go mblaisfainn do phóg mo stór.
Is má bhí mise folamh, dar m’fhocal, ba mhór an scéal,
Is a liachtaí bean deas a thug taithneamh go glór mo bhéal,
Dhá mbeadh sé ag cur seaca, ag cur shneachta ins chuile ceard faoin spéir,
Ach tusa bheith i m’aice is ní aireoinnse buaireamh an tsaoil.
Is a Aonmhac Mhuire a chuir an cuileann tríd an bhféar ag fás,
Nach mise an trua Mhuire is mé ag cailliúint na ngéag le grá,
Dhá mbeadh sé inár gcinniúint nach féidír linn a chéile a fháil
Bíosa i do choinneal is beidh mise i m’fhéileacán.
|
||||
11. |
||||
12. |
||||
A' mhisg a chuir an Nollaig oirnn
Cha robh dìth dollaidh oirnn
A' mhisg a chuir an Nollaig oirnn
Cha chuir i tuilleadh call oirnn
A' mhisg a chuir an Nollaig oirnn
Cha robh dìth dollaidh oirnn
A' mhisg a chuir an Nollaig oirnn
Cha chuir i tuilleadh call oirnn
Shaoghail, a shaoghail duibh
Cò chuir an dollaich oirnn?
A shaoghail, a shaoghail duibh
Cò ghabhadh dall sinn?
A shaoghail, a shaoghail duibh
Cò chuir an dollaich oirnn?
A' mhisg a chuir an Nollaig oirnn
Cha chuir i tuilleadh call oirnn
***
Ciamar a nì mi a dannsa dìreach
Ciamar a nì mi a ruidhle bòidheach
Ciamar a nì mi a dannsa dìreach
Dh'fhalbh am prìon a bonn mo chòta
Dh'fhalbh am prìon a chuir air chlì mi
Dh'fhalbh am prìon a bonn mo chòta
Dh'fhalbh am prìon a chuir air chlì mi
Dh'fhalbh am prìon a bonn mo chòta
***
O, seallaibh curaigh Eòghainn,
Is còig ràimh fhichead oirre.
Seallaibh curaigh Eòghainn
'S i seachad air a' Rubha Bhàn.
Bi Eoghainn, bi Eoghainn
Bi Eoghainn na sgiobair oirr'
Bi Eoghainn, bi Eoghainn
'S i seachad air a Rudha Bhan
|
||||
13. |
||||
14. |
||||
Tá na páipéir dhá saighneáil is tá na saighdiúir ag dul anonn
Tá na drumadóirí aoibhinn aerach ag Clanna Gael ag dul go tír na long
Dhá mbeadh agam is dhuitse a bhéarfainn céad is dhá mhíle bó
Ar chuntar thú bheith i d’fhéirín liom go Condae Mhaigh Eo.
Nuair a éirím amach go huaigneach ’s a bhreathnaím uaim ar an gcnoc úd thall
Bím ag smaoineamh ar do chúilín dualach a d’fhág an chrua-arraing thrí mo lár
Tá gruaig mo chinn ag titim ’s ag imeacht mar an gceo
’S le cumha i do dhiaidh, a mhuirnín, ’s ní bheidh mé bhfad beo.
Tá mo stocaí agus mo bhróga, ar ndóigh, gan spíce
Tá mo nuachulaith phósta, ar ndóigh, gan sníomh
Tá gine i dteach an óil orm cé nár ól mé ariamh braon,
Sé an trua gan mé ’s tú, a stóirín, ’s muid a bheith óg seal aríst.
Is nach aoibhinn do na héiníní a éiríos go hard
’S a bhíos ag ceiliúradh lena chéile ar aon chraoibhín amháin
Ní mar sin agam féin í ná mo chéad mhíle grá
Is fada óna chéile a éiríos muid gach lá.
|
||||
15. |
Bua Chicago, Illinois
Bua is a quartet exploring the sounds of Chicago's early 20th Century Irish music scene. Coupling tunes with instrument pairings and songs in both the Irish and English languages with considerate arrangements, Bua lifts the life of this music out of the pages of Chief Francis O'Neill's seminal collection. The result is joyous music as wholly American as it is Irish. ... more
Streaming and Download help
If you like Bua, you may also like:
Bandcamp Daily your guide to the world of Bandcamp